Huartan, Trá Pháidín, Róis
- Sunday 14th July
- 8pm
- Music
Share This Event:
Huartan, Trá Pháidín, Róis
A concert showcasing some of the finest talents on the contemporary and Irish language music scene from across the island of Ireland, blending ancient, traditional and modern, featuring Huartan from Belfast, Trá Pháidín from Galway and County Fermanagh’s Róis.
Winners of inaugural Rónán Mac Aodha Bhuí Award of Best Emerging Artist (Gradaim Nós) Huartan are a Tradtronica band, established in 2023, and consist of three Irish-Trad musicians, Catriona Ní Ghribín, Múlú and the bands producer, Stíofán Loughran. Their shared vision is to reconnect modern audiences with the ancient songs and native language of our ancestors with a brand new audio-visual experience.
They’re said to have a gang and not have a gang …
They’re said to be a céilí band who don’t want to be a céilí band …
They’re said to be the richness and the shame of the Gael …
It’s said to be kind of like traditional music, jazz, kosmische and improvisations gone mad …
Their name is said to be Trá Pháidín or Báidín Fheilimí.
Róis (Rose Connolly) is a composer, performer and multi-instrumentalist, from County Fermanagh. Her body of work includes ensemble, large-scale and small-scale works, solo pieces, electronic solo/ensemble pieces and short film/multimedia works also. Her unique sound is an idiosyncratic combination of modernist and contemporary music with inflections of Irish traditional music, folk and Jazz. Rose maintains a busy performance schedule in Ireland, performing with an array of professional musicians in both Jazz, traditional and classical contexts.
- Date: Sunday 14th July
- Time: 8pm
- Location: Derrybeg
- Venue: The Social
- Admission/Cost: €15
Huartan, Trá Pháidín, Róis
Ceolchoirm ina gcuirfear ardán ar fáil do scoth na gceoltóirí de chuid an cheoil chomhaimseartha agus an cheoil Ghaelaigh ó gach cearn d’oileán na hÉireann agus ina mbeidh meascán den cheol ársa, traidisiúnta agus comhaimseartha, le Huartan as Béal Feirste, Trá Phaidín as Gaillimh agus Róis as Contae Fhear Manach.
Is céadbhuaiteoirí Ghradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Nuatheachtaí na Bliana (Gradaim Nós) iad Huartan, an banna ceoil Tradtronica a bunaíodh in 2023, agus is iad an triúr ceoltóirí traidisiúnta atá páirteach ann ná Catriona Ní Ghribín, Múlú agus léiritheoir an bhanna, Stíofán Loughran. Is é an fhís atá acu ná nasc a chothú i measc lucht éisteachta an lae inniu le hamhráin ársa agus le teanga dhúchais ár sinsear le heispéireas closamhairc úrnua.
Deirtear go bhfuil gang acu agus nach bhfuil gang acu …
Deirtear gur céilí band iad nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith ina gcéilí band …
Deirtear gurb iad saibhreas agus náire na nGael iad …
Deirtear go bhfuil sé cineál ar nós ceol traidisiúnta, jazz, kosmische agus tobchumadh bailithe craiceáilte …
Deirtear gur Trá Pháidín nó Báidín Fheilimí an t-ainm atá orthu.
Is cumadóir agus oirfideach as Contae Fhear Manach í Róis (Rose Connolly) a sheinneann réimse uirlisí. San áireamh ina saothar, tá saothair ensemble, saothair mhórscála agus mhionscála, saothair aonair, saothair leictreonacha aonair/ensemble, le cois saothair ilmheán agus do ghearrscannáin. Tá meascán neamhghnách de cheol nua-aoiseach agus comhaimseartha i gceist ina cuid ceoil uathúil a bhfuil rian de cheol traidisiúnta na hÉireann, den cheol tíre agus den snagcheol le fáil ann. Bíonn Rose an-ghnóthach ag seinm ar fud na hÉireann le réimse ceoltóirí gairmiúla de chuid an snagcheoil, an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil chlasaicigh.
- Dáta: Dé Domhnaigh 14 Iúil
- Am: 8pm
- Suíomh: Doire Beag
- Ionad: The Social
- Cead isteach/Costas: €15