Samhradh lán siamsaíochta go fóill i ndán dúinn!

Share This Story:
eaf2020-logo-black

Is cúis áthais do lucht eagraithe Fhéile Ealaíne an Earagail a fhógairt go mbeidh an fhéile go fóill ina cuid de d’fhéilire d’imeachtaí ealaíon i mí Iúil!

Cé nach mbeidh deis ag daoine bailiú le chéile don 32ú féile mar a tharla i gcónaí roimhe seo, beidh Féile Ealaíne an Earagail go fóill ina buaic a mbeidh an pobal ag súil go mór léi.

Cuirfear príomhfhéile samhraidh Dhún na nGall ar fáil trí 18 n-imeacht dhigiteacha thar na 18 lá a bhí roghnaithe don fhéile cheana, is é sin 9 go 26 Iúil 2020.

Chomh maith leis an chlár digiteach seo de léirithe cartlainne, comórtais agus saothair chruthaitheacha idirghníomhacha, idir chinn nua agus chinn nach bhfacthas riamh roimhe seo, a chuirfear ar fáil trínár gcainéil ar líne, tá muid ag obair lenár gcomhpháirtithe agus leis na healaíontóirí ar a lán tionscnamh úrnua a chuirfidh le forbairt ealaíontóirí agus rannpháirtíocht an lucht féachana, le déanamh cinnte go mbeidh muid go fóill ábalta ealaíontóirí, lucht féachana agus pobal Dhún na nGall a nascadh leis an chuid eile den domhan.

Coinneoidh muid cothrom le dáta tú trínár suíomh gréasáin, ár gcainéil ar na meáin shóisialta agus ár nuachtlitir go háirithe.

Rinneadh an cinneadh an tseachtain seo an múnla digiteach a úsáid do 2020 i ndiaidh na treoirlínte sláinte poiblí atá ann faoi láthair a chur san áireamh agus i ndiaidh plé agus comhairliúchán nach beag le healaíontóirí, maoinitheoirí agus geallsealbhóirí, agus bainistíocht na féile.

Is é an tosaíocht atá againn ná sábháilteacht agus sláinte an phobail, an lucht féachana, na n-ealaíontóirí, na foirne agus na saorálaithe. Tá muid tiomanta fosta, áfach, ar shlí bheatha na n-ealaíontóirí agus na bhfoirne léiriúcháin a chosaint, cuidiú leis na hionaid agus cur le hinbhuanaitheacht earnáil na n-ealaíon oiread agus a thig linn.

Sibhse a chuir in áirithe na cónaitheachtaí Home with The Henry Girls agus Seachtain leis Na Mooneys, beidh muid i dteagmháil libh duine ar dhuine maidir le bhur n-áirithintí.

Ar an drochuair, tá léiriú an Lyric Theatre de Good Vibrations in Amharclann an Ghrianáin curtha ar ceal – tabharfar aisíocaíocht do gach duine a cheannaigh ticéad. Tá muid i mbun athsceidealú a dhéanamh ar cheolchoirm John Grant agus beidh muid i dteagmháil libh nuair a bheas an dáta nua aontaithe leis an ealaíontóir. Más mian leat aisíocaíocht a fháil, áfach, nó má tá ceist ar bith agat faoi áirithintí a rinneadh cheana nó aisíocaíochtaí, seol ríomhphost chuig info@eaf.ie, le do thoil. Iarrann muid oraibh a bheith foighdeach linn agus muid ag plé le líon mór áirithintí.

Ba mhaith linn an deis seo a thapú chun ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl do gach oibrí in earnálacha na sláinte agus na seirbhíse poiblí atá ag tabhairt aire dúinn sa líne tosaigh.

Agus do na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíon go léir atá ag tabhairt ardú meanman dúinn, ár gcoinneáil i dteagmháil lena chéile agus ag líonadh ár gcroí le grá don phaisean is mó atá againn – go dté sibh slán, go bhfana sibh sa bhaile agus go bhfana splanc na cruthaitheachta ionaibh!

Tá muid ag dréim go mór leis an lá a gcasfar le chéile arís muid!

Paul Brown
POF & Stiúrthóir Ealaíon
Thar ceann Fhoireann Fhéile Ealaíne an Earagail

Is cúis bhróid d’Fhéile Ealaíne an Earagail tacaíocht a fháil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireannComhairle Contae Dhún na nGall agus Slí an Atlantaigh Fhiáin.

Sign up to receive the latest updates and news.

More to Explore...