Ériu presents
The Village
- Saturday 23rd July
- 8pm
- Dance & Theatre
Share This Event:
Ériu presents
The Village
A dance-theatre production The Village sees 5 people gather on a hill looking down on the townland where they all grew up. As they watch the lights go out over the village, it’s not clear what draws them back home, what brings them together in this place now, and what connects them, other than The Village. Each character seems to be on a sort of pilgrimage. There is a palpable undercurrent of unease and the undeniable coincidence that they all find themselves on the same hill at the same time reinforces this.
Established in 2010 by Breandán de Gallaí, Ériu Dance Company promotes Irish dance as a living, ever-evolving tradition. Exploring the traditional aesthetic, and exploiting the untapped poetic and dramatic possibilities of the genre, the company creates new work that educates, surprises and inspires.
In collaboration with a range of artistic disciplines, and drawing inspiration from complex social issues, Ériu challenges preconceptions of what Irish dance is, and can address. Ériu continually celebrates – and pushes the boundaries of – the Irish dance tradition, with a view to challenging and developing audiences for the dance form, nationally and internationally.
- Date: Saturday 23rd July
- Time: 8pm
- Location: Letterkenny
- Venue: An Grianán Theatre
- Admission/Cost: €15
Arna chur i láthair ag Ériu
The Village
Sa léiriú drámaíochta rince seo, The Village, tá cúigear tagtha le chéile ar chnoc os cionn an bhaile fearainn inar éirigh siad ar fad aníos. Agus iad ag amharc ar na soilse á múchadh ar fud an bhaile, ní léir cad é atá i ndiaidh iad a mhealladh ar ais, cad chuige a bhfuil siad cruinnithe le chéile san áit seo anois ná cén ceangal atá eatarthu, taobh amuigh den Village. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach carachtar ar oilithreacht. Tá míshuaimhneas le brath agus tá an chomhtharlúint a fhágann go bhfuil siad le chéile ar an chnoc chéanna, ag an am chéanna, ag cur leis seo.
Ba é Breandán Ó Gallaí a chuir tús le Compántas Damhsa Ériu in 2010 agus tá sé mar sprioc aige an damhsa Gaelach a chur i láthair mar thraidisiún beo atá de shíor ag forbairt. Trí iniúchadh a dhéanamh ar an aeistéitic thraidisiúnta, agus trí theacht i dtír ar na féidearthachtaí neamhshaothraithe fileata agus drámatúla a bhaineann leis an tseánra, cruthaíonn an compántas saothair úra a chuireann oideachas ar fáil, a bhaineann geit as daoine agus a spreagann iad.
Trí chomhoibriú le réimse disciplíní ealaíon agus trí inspioráid a fháil ó cheisteanna casta sóisialta, téann Ériu i ngleic leis na réamhthuairimí atá ag daoine maidir leis an damhsa Gaelach agus na nithe ar féidir leis díriú orthu. Déanann Ériu ceiliúradh leanúnach ar thraidisiún damhsa na hÉireann, agus féachann leis na teorainneacha atá ann a shárú, agus é mar sprioc acu dúshlán an lucht éisteachta a thabhairt agus iad a mhealladh i dtreo na foirme damhsa seo, in Éirinn agus thar lear.
- Dáta: Dé Sathairn, 23 Iúil
- Am: 8pm
- Suíomh: Leitir Ceanainn
- Ionad: Amharclann an Ghrianáin
- Cead isteach/Costas: €15