NA MIC UA gCORRA, ERIÚ & KRISTYN FONTANELLA PRESENT
Steps into the Wild & Miss Mary
- Monday 14th July
- 12 noon
- Dance & Theatre
Share This Event:

NA MIC UA gCORRA, ERIÚ & KRISTYN FONTANELLA PRESENT
Steps into the Wild & Miss Mary
Set against the rugged beauty of Gola Island in the windswept northwest, Steps Into The Wild is an outdoor promenade dance performance weaving movement with the rhythms of nature, local tradition, and sustainable ways of living. Journey along the island’s pathways as dancers echo its pulse – resilient, rooted, and ever-renewing – a tribute to this remarkable place where land, sea, and story meet.
Ériu is a contemporary Irish dance company established by Gaoth Dobhair native Breandán de Gallaí in 2010. Na Mic Ua gCorra is the youth company branch, which has had a presence at the Earagail Arts Festival since 2019.
Miss Mary is an outdoor solo dance, tracing the footsteps of the traveling dance masters, where the performer migrates through parks and fields, embodying the land and its stories.
Created by dancer & choreographer Kristyn Fontanella, the piece is born from her research into her own dance lineage and heritage, reconnecting with her story and those who came before her.
The land becomes her journey, the past inhabits her movement, and memories of the dance masters are passed through her steps. As she arrives at a gathering of people, she invites them to exchange, listen, and learn the stories and steps of the past.
This intimate performance asks the audience:
Where did you come from?
How do you move?
Will you dance with me?
It is a reflection on ancestry, tradition, and the shared connection between the land, the body, and the stories that live within us all.
- Date: Monday 14th July
- Time: 12 noon
- Location: Gola Island
- Venue: NA
- Admission/Cost: Free
More Info:
Outdoor event. Dress yourself accordingly and be prepared for different types of weather.
ARNA CHUR I LÁTHAIR AG NA MIC UA gCORRA, ERIÚ & KRISTYN FONTANELLA
Steps into the Wild & Miss Mary
Beidh Gabhla clochach san iarthuaisceart sceirdiúil ina chúlra ag an damhsa promanáide seo faoin aer, Steps Into The Wild, a fhíonn gluaiseacht le rithimí an nádúir, traidisiún áitiúil agus bealaí inmharthana maireachtála. Téigh ar thuras ar chosáin an oileáin le damhsóirí a dhéanann aithris ar a chuisle – seasmhach, fréamhaithe agus de shíor ag athnuachan – agus a thugann ómós don áit faoi leith seo, áit a dtig an talamh, an fharraige agus na scéalta le chéile.
Is compántas damhsa Gaelach comhaimseartha é Ériu a bhunaigh Breandán de Gallaí, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, in 2010. Is iad Na Mic Ua gCorra an chraobh den chompántas atá dírithe ar an óige, agus tá baint acu le Féile Ealaíne an Earagail ó bhí 2019 ann.
Is damhsa aonair faoin aer é Miss Mary, a leanann rian na máistrí taistil damhsa, áit a ngluaiseann an damhsóir trí pháirceanna agus cuibhrinn agus a thugann léiriú ar an talamh agus a chuid scéalta.
Ba é an damhsóir agus cóiréagrafaí Kristyn Fontanella a chruthaigh é agus d’eascair an píosa ón taighde atá déanta aici mar gheall ar a ginealach agus a hoidhreacht. Sa tsaothar seo, déanann sí nasc as an nua lena scéal agus leosan a tháinig roimpi.
Is é an talamh a turas, tá an t-am a chuaigh thart mar chuid dá gluaiseacht agus músclaíonn a cuid céimeanna cuimhní ar na máistrí damhsa. Agus í ag teacht chuig teacht le chéile daoine, tugann sí cuireadh dóibh malartú a dhéanamh ar scéalta agus céimeanna ón am atá caite, éisteacht leo agus iad a fhoghlaim.
Sa léiriú seo, fiafraítear den lucht féachana:
Cé as sibh?
Cad é mar a bhogann sibh?
An ndéanfaidh sibh damhsa liom?
Is machnamh é ar shinsearacht, traidisiún agus an ceangal roinnte idir an talamh, an corp agus na scéalta atá beo istigh ionainn ar fad.
- Dáta: Dé Luain 14 Iúil
- Am: 12 meán lae
- Suíomh: Gabhla
- Ionad: NA
- Cead isteach/Costas: Saor in aisce
Tuilleadh eolais:
Imeacht faoin aer. Bí gléasta dá réir agus bí réidh do chineálacha éagsúla aimsire.