AN GAILEARAÍ PRESENTS
Pádraic Reaney | Obair Saoil
- Friday 11th July - Friday 29th August
- 11am-5pm, Monday, Tuesday, Thursday & Friday 1pm-8pm, Wednesdays
- Visual Arts & Film
Share This Event:

AN GAILEARAÍ PRESENTS
Pádraic Reaney | An Overview
Artist Pádraic Reaney from An Ceathrú Rua, Connemara describes himself as self- taught and is a major talent. He has exhibited nationally and internationally consistently since the early ‘70’s receiving many accolades and prestigious awards in recognition of his endeavours.
Pádraic is proficient not just in painting but also sculpture, printing, ceramics, graphics and has even successfully accomplished wall-hangings.
Numerous poets and writers have sought to collaborate with him and he has completed a number of public art commissions.
A major retrospective was initiated by the Galway Arts Centre in 1993 which then toured nationally. The coast, the land, the islands, the famine, our history and much more are rich subject matters for Pádraic; his work is mysterious, symbolic and often inhabits Padraic’s own imaginative space and we, the viewers, have access to this space via his work.
An Gailearaí is honoured to bring an ‘overview’ of this prolific artist’s oeuvre to Donegal.
- Date: Friday 11th July - Friday 29th August
- Time: 11am-5pm, Monday, Tuesday, Thursday & Friday 1pm-8pm, Wednesdays
- Location: Gaoth Dobhair
- Venue: An Gailearaí, Ionad Áislann, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, F92 PT38
- Admission/Cost: Free
ARNA CHUR I LÁTHAIR AG AN GAILEARAÍ
Pádraic Reaney | Obair Saoil
Cuireann an t-ealaíontóir Pádraic Reaney as an Cheathrú Rua i gConamara síos air féin mar dhuine féinoilte agus tá tallann ar leith aige. Tá taispeántais náisiúnta agus idirnáisiúnta curtha ar siúl aige go seasta ó thús na 1970idí agus tá go leor duaiseanna agus gradam mór le rá bronnta air mar aitheantas ar a chuid iarrachtaí.
Tá Pádraic cumasach ní hamháin i mbun péinteála ach fosta sa dealbhóireacht, sa phriontáil, sa chriadóireacht agus sa ghrafaic, agus tá éirithe leis fiú taipéisí balla a chruthú.
Tá go leor filí agus scríbhneoirí i ndiaidh a bheith ag comhoibriú leis agus tá roinnt coimisiúin ealaíne poiblí curtha i gcrích aige.
D’eagraigh Ionad Ealaíon na Gaillimhe taispeántas iardhearcach dá shaothar i 1993, a tugadh ar camchuairt náisiúnta ina dhiaidh sin. Is ábhair shaibhre do Phádraic an cósta, an talamh, na hoileáin, an gorta, ár stair agus go leor eile; tá a shaothar mistéireach, siombalach agus is minic a bhíonn léargas ann ar spás samhlaíoch Phádraic féin, rud a thugann rochtain dúinne, an lucht féachana, ar an spás seo trína shaothar.
Is mór an onóir don Ghailearaí ‘forbhreathnú’ ar shaothar an ealaíontóra bhisiúil seo a thabhairt go Dún na nGall.
- Dáta: Dé hAoine 11 Iúil – Dé hAoine 29 Lúnasa
- Am: 11am-5pm, Dé Luain, Dé Máirt, Déardaoin & Dé hAoine, 1pm-8pm, Dé Céadaoin
- Suíomh: Gaoth Dobhair
- Ionad: An Gailearaí, Ionad Áislann, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, F92 PT38
- Cead isteach/Costas: Saor in aisce