Donegal County Council Cultural Services presents
Oíche Airneáil
- Thursday 14th July
- 8pm
- Spoken Word & Conversations
Share This Event:
This event is now SOLD OUT!
Donegal County Council Cultural Services presents
Oíche Airneáil le Neil Martin, Seán Lysaght, Máire Ní Choilm & Cathal Ó Searcaigh (Fear an Tí)
Neil Martin is a renowned composer and musician from Belfast. He has composed music for orchestras, theatre, film, television and opera all over the world. He is also well-known in this part of Ireland as a long time member of the West Ocean String Quartet.
A highly-accomplished cellist and uilleann piper, Neil has collaborated on a range of projects with the likes of Liam O’Flynn, Christy Moore, Barry Douglas, Stephen Rea and Sam Shepard. Among the highlights have been Sweeney, his wonderful interpretation of Seamus Heaney’s Sweeney Astray, with Stephen Rea and Iarla Ó Lionáird, and his dance work, This is an Irish Dance, with Riverdance lead performer Jean Butler.
Seán Lysaght was born in Cork in 1957 and grew up in Limerick. His poetry collections for Gallery Press include The Clare Island Survey, Erris, The Mouth of a River, Selected Poems and Carnival Masks. He has received the Patrick Kavanagh Award in 1985 and the O’Shaughnessy Award for Poetry in 2007. He currently lives near Westport, County Mayo.
Máire Ní Choilm is a much garlanded sean-nós singer from Na Doirí Beaga. A winner of the coveted Corn Uí Riada at Oireachtas na Gaeilge in 2019, she was invited to perform at the major concert event in Conamara earlier this year, celebrating 50 years of Raidió na Gaeltachta. Her CD, Nuair a Théid Sé Fán Chroí, is available on Chó Iar Chonnacht.
Cathal Ó Searcaigh is a poet and novelist from Mín an Leá, Gort a’Choirce. His latest collection of poetry, An Tír Rún, has been issued recently by Arlen House. He has a new novel, Saighdiúir (Soldier), set during the First World War, due out this autumn from Leabhar Breac.
- Date: Thursday 14th July
- Time: 8pm
- Location: Meenala, Gortahork
- Venue: Dámhlann an Ghleanna
- Admission/Cost: €15
More Info:
Due to ongoing traffic light systems and roadworks in place in the areas of Dunlewey and Bunbeg, as well as possible traffic increase due to the holiday season, please allow for an additional 30 minutes if travelling to any of our West Donegal events from the Letterkenny direction and through Gaoth Dobhair.
Arna chur i láthair ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall
Oíche Airneáil le Neil Martin, Seán Lysaght, Máire Ní Choilm & Cathal Ó Searcaigh (Fear an Tí)
Is ceoltóir agus cumadóir mór le rá as Béal Feirste é Neil Martin a bhfuil ceol cumtha aige do cheolfhoirne, don amharclann, le haghaidh scannán agus na teilifíse agus do cheoldrámaí ar fud an domhain. Tá aithne mhaith ag lucht éisteachta fán taobh seo tíre air fosta de bharr a chuid oibre le blianta fada anois leis an West Ocean String Quartet.
Seinneann Neil an dordveidhil agus na píobaí uilleann agus tá tionscadail éagsúla curtha i gcrích aige le leithéidí Liam O’Flynn, Christy Moore, Barry Douglas, Stephen Rea agus Sam Shepard. I measc na dtionscadal sin, bhí Sweeney, a leagan iontach de Sweeney Astray le Seamus Heaney, le Stephen Rea agus Iarla Ó Lionáird, chomh maith le This is an Irish Dance, leis an damhsóir Jean Butler as Riverdance.
Rugadh Seán Lysaght i gCorcaigh i 1957 agus tógadh i Luimneach é. Tá bailiúcháin filíochta dá chuid eisithe ag Gallery Press, The Clare Island Survey, Erris, The Mouth of a River, Selected Poems agus Carnival Masks ina measc. Bronnadh Gradam Patrick Kavanagh air i 1985 agus Duais Fileata O’Shaughnessy in 2007. Tá sé ag cur faoi anois i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo.
Is amhránaí ar an tsean-nós as na Doirí Beaga í Máire Ní Choilm a bhfuil mórchuid gradam – Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge (2019) san áireamh – buaite aici. Tugadh cuireadh di canadh ag ócáid cheoil speisialta i gConamara le gairid a reáchtáladh le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de Raidió na Gaeltachta. D’eisigh Cló Iar-Chonnacht a dlúthdhiosca, Nuair a Théid Sé Fán Chroí.
Is scríbhneoir filíochta agus úrscéalta as Mín an Leá, Gort an Choirce é Cathal Ó Searcaigh. Tá bailiúchán úr filíochta dá chuid, An Tír Rúin, díreach eisithe ag Arlen House agus tá úrscéal uaidh atá suite le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, Saighdiúir, le teacht ó Leabhar Breac san fhómhar.
- Dáta: Déardaoin 14 Iúil
- Am: 8pm
- Suíomh: Mín an Leá, Gort an Choirce
- Ionad: Dámhlann an Ghleanna
- Cead isteach/Costas: €15