Na Casaidigh – Abair Amhrán
- Sunday 16th July
- 1pm
- Music
Share This Event:
Na Casaidigh – Abair Amhrán
Following the success of the TG4 series, Féile Éalaíne an Earagail, aired in early 2023, Aniar TV makes a welcome return to film another four very special concerts at An Grianán Theatre, featuring some of the finest artists across the traditional music genre.
Na Casaidigh are renowned for their performances of classic Irish songs such as Bó na Leathadhairce, Báidín Fheilimí, Peigín Leitir Móir and Beidh Aonach Amárach.
In this concert, the popular Irish folk group will celebrate the source of much of their repertoire, our country’s favourite collection of songs, Abair Amhrán.
The brothers’ childhood in Gaoth Dobhair was immersed in music through their father, a long-time church choirmaster, learning piano or fiddle first, followed by other instruments including whistles, pipes, bodhrán and guitar.
Although the family moved on to Dublin and other parts of the country, Na Casaidigh and their extended clan, to this day, continue to celebrate the traditions they learned in the West Donegal Gaeltacht across the globe.
- Date: Sunday 16th July
- Time: 1pm
- Location: Letterkenny
- Venue: An Grianán Theatre
- Admission/Cost: €15/€12
Na Casaidigh – Abair Amhrán
Bhí an-rath ar an tsraith de chuid TG4 ‘Féile Ealaíne an Earagail’, a craoladh ag tús 2023, agus anois tá Aniar TV chun ceithre cheolchoirm speisialta eile a scannánú in Amharclann an Ghrianáin, a mbeidh cuid de na ceoltóirí is cumasaí sa cheol traidisiúnta páirteach iontu.
Tá cáil ar na Casaidigh as na leaganacha iontacha atá acu de sheoda ó thraidisiún amhránaíochta na Gaeilge mar ‘Bó na Leathadhairce’, ‘Báidín Fheilimí’, ‘Peigín Leitir Móir’ agus ‘Beidh Aonach Amárach’.
Sa cheolchoirm seo, déanfaidh an grúpa mór-ráchairte ceiliúradh ar fhoinse an chuid is mó dá gcuid amhrán: Abair Amhrán, an cnuasach is ansa le go leor de phobal na tíre. Bhí na deartháireacha ar maos sa cheol le linn a n-óige i nGaoth Dobhair, a bhuí sin lena n-athair, ar stiúrthóir cóir é ar feadh na mblianta fada, agus d’fhoghlaim siad réimse uirlisí ceoil – an pianó nó an fhidil i dtús báire, agus gléasanna eile mar fheadóga, na píoba uilleann, an bodhrán agus an giotár ina dhiaidh sin.
Cé gur bhog siad go Baile Átha Cliath agus chuig áiteanna eile sa tír, tá ceiliúradh déanta i gcónaí, ar fud na cruinne, ag na Casaidigh, agus a dteaghlach sínte, ar na traidisiúin a d’fhoghlaim siad i nGaeltacht iarthar Thír Chonaill.
- Dáta: Dé Domhnaigh 16 Iúil
- Am: 1pm
- Suíomh: Leitir Ceanainn
- Ionad: Amharclann an Ghrianáin
- Cead isteach/Costas: €15/€12