Goitse, The Henry Girls & Na SíFiddlers
- Saturday 16th July
- 7pm
- Music
Share This Event:
Goitse, The Henry Girls & Na SíFiddlers
Come celebrate a return to the festival in the company of some of Ireland’s finest musicians, filmed by TG4 with you, the live audience, for broadcast later in 2022/2023.
The popular and multi-award-winning quintet Goitse was forged in the white-hot creative crucible of Limerick’s Irish World Academy. Named Live Ireland’s Traditional Group of the Year, Chicago Irish American News’ Group of the Year, as well as winning the prestigious Freiburger International Leiter award in Germany, Goitse have become a leader of the new generation of traditional Irish ensembles.
The Henry Girls from Inishowen need no introduction to Donegal or international audiences. The three sisters, Karen, Lorna and Joleen, whose exquisite three-part vocals interweave their native traditions with bluegrass, jazz and country, are one of Ireland’s top folk acts.
The sisters combine something of their Irish heritage with a much more contemporary sensibility and imbue it with compassion, insight, and warmth, both in their lyrics and their magnificent musicianship.
Na SíFiddlers are a group of 13 female Donegal fiddlers celebrating the healthy state of female fiddling in Donegal at present. This group brings together some of the finest fiddlers from Glencolmcille to Inishowen and everywhere in between to represent a huge tradition in Donegal.
In the autumn of 2019 the SíFiddlers ventured into the recording studio to produce their debut album showcasing some of the most popular and better known Donegal repertoire from all parts of the county: North, South, East and West.
- Date: Saturday 16th July
- Time: 7pm
- Location: Letterkenny
- Venue: An Grianán Theatre
- Admission/Cost: €27.50/€22.50
More Info:
Please note this event will start at the earlier time of 7pm.
Goitse, The Henry Girls & Na SíFiddlers
Seo deis le hatosú na féile a cheiliúradh i gcuideachta cuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn thar dhá oíche speisialta in Amharclann an Ghrianáin. Déanfaidh TG4 an cheolchoirm a scannánú agus craolfar í ar an stáisiún in 2022/2023.
D’eascair an cúigréad mór-ráchairte Goitse as Dámh Chruinne Éireann, an t-ionad i Luimneach atá i dtús cadhnaíochta maidir le cruthaitheacht. Tá Goitse ina gceannródaithe i measc na glúine úire de cheoltóirí traidisiúnta agus tá go leor gradam bainte acu le roinnt blianta anuas. D’ainmnigh Live Ireland iad mar Ghrúpa Traidisiúnta na Bliana, bhronn Chicago Irish American News an gradam Grúpa na Bliana orthu agus, lena chois sin, bhain siad amach gradam mór le rá Leiter ó Freiburger International.
D’eascair an cúigréad mór-ráchairte Goitse as Dámh Chruinne Éireann, an t-ionad i Luimneach atá i dtús cadhnaíochta maidir le cruthaitheacht. Tá Goitse ina gceannródaithe i measc na glúine úire de cheoltóirí traidisiúnta agus tá go leor gradam bainte acu le roinnt blianta anuas. D’ainmnigh Live Ireland iad mar Ghrúpa Traidisiúnta na Bliana, bhronn Chicago Irish American News an gradam Grúpa na Bliana orthu agus, lena chois sin, bhain siad amach gradam mór le rá Leiter ó Freiburger International.
Ní gá The Henry Girls as Inis Eoghain a chur in aithne do lucht féachana ar bith in Éirinn ná thar lear. Tá an triúr deirfiúracha seo, Karem, Lorna agus Joleen, ar cheann de na grúpaí ceoil tíre is mó ráchairt sa tír agus lena n-amhránaíocht ghleoite trí pháirt déanann siad a dtraidisiún dúchasach a mheascadh le bluegrass, snagcheol agus ceol tuaithe.
Meascann na deirfiúracha gnéithe dá n-oidhreacht Éireannach le gnéithe níos nua-aimseartha agus déanann siad é sin le comhbhá, le tuiscint agus le suáilceas, ina gcuid liricí agus ina seinm araon.
Is grúpa de thrí fhidléir déag ban as Dún na nGall iad na SíFiddlers a bhfuil ceiliúradh á dhéanamh acu ar fholláine fhidléireacht na mban sa chontae faoi láthair. Tá scoith na bhfidléirí ó Ghleann Cholm Cille go hInis Eoghain, agus go leor áiteacha idir eatarthu, páirteach sa ghrúpa agus is léiriú iad ar thraidisiún an-mhór Conallach.
I bhfómhar na bliana 2019 thug na SíFiddlers aghaidh ar an stiúideo lena gcéad albam a taifeadadh, ar saothar é a bhfuil cuid de na foinn is mó tóir i nDún na nGall le cluinstin air, ó thuaisceart, deisceart, oirthear agus iarthar an chontae.
- Dáta: Dé Sathairn 16 Iúil
- Am: 7pm
- Suíomh: Leitir Ceanainn
- Ionad: Amharclann an Ghrianáin
- Cead isteach/Costas: €27.50/€22.50
Tuilleadh eolais:
Tabhair faoi deara go dtosóidh an t-imeacht seo níos luaithe ná cinn eile, ar 7pm.