CIRCUS ÉIRE PRESENTS
Fanzini Brothers – Risky Business
- Thursday 23rd July & Friday 24th July
- 3pm
- Spectacle, Street Arts & Circus
Share This Event:
CIRCUS ÉIRE PRESENTS
Fanzini Brothers - Risky Business
The denizens of danger, the masters of disaster, the amazing Fanzini brothers are back with their new show Risky Business, a stupefying spectacle full of danger, cabbages, big stunts and tiny bicycles.
But there is a problem in the shape of two health and safety inspectors, determined to keep everyone safe at any cost. Will the show go ahead? Will common sense and our heroes the Fanzinis prevail?
Packed with physical comedy, escalating nonsense, and audience fuelled mayhem, risky business is a hilarious tug-of-war between reckless showmanship and relentless regulation.
Fanzini Productions is a leading Irish contemporary street arts company founded by Con Horgan. Since 1997, their work has evolved from the Fanzini Brothers to a dynamic range of solo, duo and ensemble performances, including Professor Plunger, Circus Jukebox, Ballet Poulet and Spailp, touring nationally and internationally.
Supported by the Arts Council of Ireland, the company has created multiple award-winning shows and continues to innovate, most recently with Imeall//LlaemI (2024).
They are also founders of the National Circus Festival of Ireland, a key platform for contemporary circus, known for accessible, original and high-quality work.
- Date: Thursday 23rd July & Friday 24th July
- Time: 3pm
- Location: Dunlewey
- Venue: Ionad Cois Locha
- Admission/Cost: €10 adult / €5 child / €30 for family of 5
ARNA CHUR I LÁTHAIR AG CIRCUS ÉIRE
Fanzini Brothers - Risky Business
Tá diúlaigh an dainséir, máistrí na tubaiste, na deartháireacha iontacha Fanzini ar ais lena seó nua, Risky Business. Seó dochreidte é, atá lán de chontúirt, cabáistí, cleasa móra agus rothair bheaga.
Ach tá fadhb ann de bharr beirt chigirí sláinte agus sábháilteachta ar mian leo gach duine a choinneáil slán ar ais nó ar éigean. An rachaidh an seó ar aghaidh? An ngéillfear don réasún agus an mbeidh an lá lenár laochra, na Fanzinis?
Lán le greann fisiceach, le hamaidí a rachaidh i dtreise agus le ruaille buaille a thiocfaidh ón lucht féachana, is léiriú an-ghreannmhar é Risky Business ar an choimhlint idir an tsiamsaíocht dhainséarach agus an rialáil gan staonadh.
Tá Fanzini Productions, a bhunaigh Con Horgan, ar cheann de phríomhchompántais na n-ealaíon sráide comhaimseartha in Éirinn. Ó 1997 i leith, tá a saothar i ndiaidh forbairt go mór, ó na Fanzini Brothers sna blianta tosaigh go réimse dinimiciúil léirithe aonair, beirte agus ensemble, lena n-áirítear Professor Plunger, Circus Jukebox, Ballet Poulet agus Spailp, agus iad ag dul ar chamchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, tá roinnt seónna a bhfuil gradaim buaite acu cruthaithe ag an chompántas agus tá siad i gcónaí ar thús cadhnaíochta. Le déanaí, cuir i gcás, chuir siad i láthair an seó Imeall//LlaemI (2024).
Is iad bunaitheoirí Fhéile Náisiúnta Sorcais na hÉireann iad fosta, ar ardán tábhachtach é don tsorcas chomhaimseartha a bhfuil cáil air as saothar inrochtana, úrnua agus ardchaighdeáin a chur ar fáil.
- Dáta: Déardaoin 23 Iúil & Dé hAoine 24 Iúil
- Am: 3pm
- Suíomh: Dún Lúiche
- Ionad: Ionad Cois Locha
- Cead isteach/Costas: €12 daoine fásta / €8 páistí / €40 do theaghlach de 5