Diane Cannon, Clann Mhic Ruairí & Honeyfeet
- Sunday 17th July
- 7pm
- Music
Share This Event:
Diane Cannon with Manus Lunny & Theresa Kavanagh, Clann Mhic Ruairí & Honeyfeet
Be part of the live audience for the second of two very special nights in An Grianán Theatre, featuring Donegal’s finest alongside some international guests, filmed for broadcast on TG4 at a later date in 2022/2023.
Forged out of the centuries-old traditions of her native Donegal, Diane Cannon is a singer who brings the songs and the music played by the hearth fire of a long gone céilí house, to the sophisticated tastes of a 21st century audience.
Manus Lunny lives in the Donegal Gaeltacht and comes from a family steeped in the musical tradition of Ireland. Manus is a gifted instrumentalist, singer, composer and producer and has earned a reputation as one of the most significant performers from the Irish tradition, adding a contemporary vein to the heritage of traditional music and song.
Theresa Kavanagh has performed at some of Celtic Music’s largest festivals, such as Celtic Connections, Le Festival Interceltique de Lorient and Celtic Colours, and has also worked with some of Irish music’s top artists such as Mairéad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Michael McGoldrick and Donal Lunny.
Clann Mhic Ruairí is a Donegal family group, made up of siblings Tony (singer), Aodh (singer/guitar), Seán (singer), Dónall (singer/percussion) and Tony’s daughter Megan (piano and singer). As a family they were raised on the Gaelic songs and stories of the Rann na Feirste Gaeltacht. Hearing their music gives the listener an insight into this rich culture which they continue to preserve.
Honeyfeet have spent the past nine years tearing around festival stages and theatres, clubs and fields melting down blues and pop, jazz and disco, pushing air molecules around with instruments and making friends in the process. It’s all very lovely. It helps that they are fronted by Ríoghnach Connolly “a remarkable singer and flautist who…can ease from Irish traditional influences to soul” (The Guardian).
- Date: Sunday 17th July
- Time: 7pm
- Location: Letterkenny
- Venue: An Grianán Theatre
- Admission/Cost: €27.50/€22.50
More Info:
Please note this event will start at the earlier time of 7pm.
Diane Cannon le Manus Lunny & Theresa Kavanagh, Clann Mhic Ruairí & Honeyfeet
Seo deis a bheith mar chuid den lucht féachana ag an dara hoíche de dhá oíche speisialta in Amharclann an Ghrianáin, a mbeidh ceoltóirí Conallacha le cois aíonna is thar lear páirteach inti. Déanfar an cheolchoirm a chraoladh ar TG4 in 2022/2023.
Is amhránaí Conallach í Diane Cannon a fáisceadh as traidisiún atá ann leis na céadta bliain agus cuireann sí amhráin agus ceol a bhí le cluinstin tráth cois tine i dteach an chéilí in oiriúint do lucht éisteachta sofaisticiúil an 21ú haois.
Tá cónaí ar Mhanus Lunny i nGaeltacht Dhún na nGall agus is as teaghlach é atá ar maos i dtraidisiún ceoil na hÉireann. Is ceoltóir, amhránaí, cumadóir agus léiritheoir tréitheach é Manus agus tá cáil air mar dhuine de na healaíontóirí is tábhachtaí sa traidisiún Éireannach, agus mar dhuine a fhágann rian comhaimseartha ar oidhreacht cheoil agus amhránaíochta na tíre.
Tá an fidléir Theresa Kavanagh i ndiaidh a bheith páirteach i gcuid de na féilte Ceilteacha is mó dá bhfuil ann – Celtic Connections, Le Festival Interceltique de Lorient agus Celtic Colours ina measc – agus tá ceol seinnte aici le ceoltóirí mór le rá mar Mhairéad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Michael McGoldrick agus Donal Lunny.
Is grúpa teaghlaigh Conallach iad Clann Mhic Ruairí ina bhfuil na deartháireacha Tony (amhránaíocht), Aodh (amhránaíocht, giotár), Seán (amhránaíocht) agus Dónall (amhránaíocht, cnaguirlisí) páirteach, le cois iníon Tony, Megan (pianó, amhránaíocht). D’éirigh siad aníos ag éisteacht le hamhráin agus scéalta Ghaeltacht Rann na Feirste. Tugann a gcuid ceoil blaiseadh don éisteoir den oidhreacht shaibhir atá á cothú acu.
Tá naoi mbliana caite ag Honeyfeet ag réabadh thart ar fhéilte, amharclanna, clubanna agus páirceanna, ag seinm meascán de na gormacha agus popcheol, snagcheol agus ceol dioscó, ag brú móilíní aeir thart lena n-uirlisí agus ag déanamh cairde nua. Tá an rud ar fad galánta. Is mór an cuidiú é go bhfuil Ríoghnach Connolly, “a remarkable singer and flautist who … can ease from Irish traditional influences to soul” (The Guardian), mar phríomhamhránaí acu.
- Dáta: Dé Domhnaigh 17 Iúil
- Am: 7pm
- Suíomh: Leitir Ceanainn
- Ionad: Amharclann an Ghrianáin
- Cead isteach/Costas: €27.50/€22.50
Tuilleadh eolais:
Tabhair faoi deara go dtosóidh an t-imeacht seo níos luaithe na cinn eile, ar 7pm.