LÍONRA LEITIR CEANAINN PRESENTS
Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan & Friends
- Thursday 17th July
- 8pm
- Music
Share This Event:

LÍONRA LEITIR CEANAINN PRESENTS
Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan & Friends
Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan & Friends host a session of Irish traditional tunes and songs in The Cottage Bar. Other trad musicians – whatever your age or ability – are encouraged to come along and join in. Plus you will have the chance to speak a bit of Irish!
Aobha Ní Aragáin and Paul Harrigan are musicians local to Letterkenny with a broad musical experience.
Aobha has travelled to a variety of countries with her music from the United States to France. She has most recently represented Ireland in the Lorient Festival de Interceltique in Lorient – France, and Festival Presqu’île Breizh in Quiberon – France.
Aobha is a guitar teacher for Ceol na Coille and has also taught at workshops and festivals such as the Ceol na Coille Trad Fest. Aobha is also a member of the performance group – Coirm – which has taken part in festivals throughout Europe and also Texas and have performed commissions from Seamus McGuire, Zoe Conway, Mairead Ní Mhaonaigh and Martin Tourish.
Paul has toured with a variety of groups and genres such as Lúnasa, The Hell Fire Club with Shane McGowan- Terry Woods -The Pogues – and the legendary Ronnie Drew -The Dubliners, Mícheál Ó Súilleabháin (Ireland), Renaud Séchan, Jean-marc Padovani, Dirty Linen (France) and BlØf (Holland).
Paul set up his music school – Ceol na Coille – in 2011 and has run a successful International Summer School annually in Letterkenny, drawing students from around the world.
As well as being a sought after studio artist, Paul’s solo album of Uilleann Pipe music – Music from The White Stone – was released in 2019 and features Tim Edey on guitar and Inishowen musicians, Roisin McGrory and Joleen McLaughlin.
A second album – Seven Waves – was released in early summer 2021 and is scored for Uilleann Pipes and two violins.
Líonra Leitir Ceanainn is the lead organisation with responsibility for putting the strategic Irish language plan for Letterkenny as a Gaeltacht Service Town into effect.
Funded by Foras na Gaeilge, Líonra LC provides classes, events for families, social opportunities and community events as well as support and advice for businesses and organisations that would like to use more Irish and benefit from the evident Irish language buzz in the area. They can be contacted on 086 0751663 eolas@lionralc.ie
- Date: Thursday 17th July
- Time: 8pm
- Location: Letterkenny
- Venue: The Cottage
- Admission/Cost: Free
ARNA CHUR I LÁTHAIR AG LÍONRA LEITIR CEANAINN
Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan & Cairde
Buail isteach chuig seisiún ceoil agus amhránaíochta i dteach tábhairne The Cottage, áit a mbeidh Aobha Ní Aragáin, Paul Harrigan agus a gcairde i mbun ceoil. Cuirfidh siad fáilte mhór roimh cheoltóirí eile a bheith ag seinm leo – is cuma cén aois iad ná cén cumas atá acu! Agus beidh deis agaibh roinnt Gaeilge a labhairt!
Is ceoltóirí de bhunadh Leitir Ceanainn iad Aobha Ní Aragáin agus Paul Harrigan a bhfuil taithí fhairsing acu ar chúrsaí ceoil.
Tá Aobha i ndiaidh a bheith ag seinm i dtíortha éagsúla, na Stáit Aontaithe agus an Fhrainc ina measc. Rinne sí ionadaíocht le gairid d’Éirinn sa Lorient Festival de Interceltique in Lorient na Briotáine, agus sa Festival Presqu’île Breizh in Quiberon, sa Bhriotáin fosta.
Is múinteoir giotáir í Aobha le Ceol na Coille agus tá sí i ndiaidh ceardlanna a mhúineadh fosta ag féilte mar Cheol na Coille Trad Fest. Tá Aobha ina ball fosta den ghrúpa Coirm, atá i ndiaidh a bheith páirteach i bhféilte ar fud na hEorpa agus in Texas agus a chuir i láthair coimisiúin ó Shéamus McGuire, Zoe Conway, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Martin Tourish.
Tá Paul i ndiaidh a bheith ar camchuairt le grúpaí a bhaineann le seánraí éagsúla ar nós Lúnasa, The Hell Fire Club le Shane McGowan / Terry Woods / The Pogues, Ronnie Drew ó The Dubliners iomráiteacha, Mícheál Ó Súilleabháin, Renaud Séchan, Jean-marc Padovani, Dirty Linen (an Fhrainc) agus BlØf (an Ollainn).
Bhunaigh Paul scoil cheoil, Ceol na Coille, in 2011 agus tá an-rath ar an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta atá á reáchtáil aige go bliantúil i Leitir Ceanainn, a mheallann mic léinn ó gach cearn den domhan.
Chomh maith le bheith ina cheoltóir stiúideo a bhfuil an-tóir air, eisíodh albam aonair Paul de cheol na bpíob uilleann – Music from The White Stone – in 2019 agus Tim Edey á thionlacan ar an ghiotár le cois na gceoltóirí as Inis Eoghain Roisin McGrory agus Joleen McLaughlin.
Eisíodh an dara halbam dá chuid, Seven Waves, i samhradh 2021 agus ceol a cumadh do na píoba uilleann agus do dhá veidhlín le cluinstin air.
Is ceanneagraíocht é Líonra Leitir Ceanainn a bhfuil sé mar fhreagracht air plean teanga do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chur i bhfeidhm.
Agus é urraithe ag Foras na Gaeilge bíonn ranganna, imeachtaí do theaghlaigh, deiseanna sóisialta agus imeachtaí pobail á gcur ar fáil ag Líonra LC, mar aon le tacaíocht agus treoir do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí ar suim leo tuilleadh Gaeilge a úsáid agus leas a bhaint as an bhorradh atá faoin teanga sa cheantar. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 086 0751663 eolas@lionralc.ie
- Dáta: Déardaoin 17 Iúil
- Am: 8pm
- Suíomh: Leitir Ceanainn
- Ionad: The Cottage
- Cead isteach/Costas: Saor in aisce